Javascript Menu by Deluxe-Menu.com
Home
Log-inDeutschJapaneseChineseSpanishFrenchIrish

Kingspan Century
Lammas Gate
84 Meadrows
Godalming
Surrey
England
GU7 3HT

Tel: +44 (0)1483 427 733
Fax: +44 (0)1483 418 639

Other Offices:

Newcastle >>
Wales >>



Fáilte go Kingspan Century

Tá tú i dteagmháil leis an déantóir a úsáideann na teicníochtaí is déanaí in earnáil na « tógála fráma adhmaid ». Cé acu más conraitheoir-tógálaí tú ag lorg teicníochtaí nua chun « cur le brabúis do chomhlachta agus moill maidir le ham tógála a laghdú » nó duine aonair ar mian leis « do theach féin a dhearadh agus a thógáil », ní bhfaighidh tú ár sárú. Seo gealltanas Century, agus cuirfimid leis an ngealltanas sin, más in Éirinn thú, i Meiriceá Thuaidh, sa tSeapáin, sa Rúis, sa Mheánoirthear nó aon áit eile.

A bhuíochas dá dtiomantas leanúnach dá gcliaint a bhain Century a n-áit amach mar chinnire domhanda. Déanann an comhlacht gach iarracht freastal orthu. Bíonn an comhlacht ar an aire de shíor d'imeachtaí agus d'fhorbairtí san earnáil a tharlaíonn aon áit ar fud an domhain, chun fanacht i gcónaí « ar thús cadhnaíochta sna teicneolaíochtaí déantúsaíochta ».

Ag an am céanna, bímid ag lorg ábhar de chaighdeán níos fearr go leanúnach, agus is é ceann dár gcuid tosaíochtaí is mó ná an <timpeallacht>. Ní gá ach spléachadh a thabhairt ar <dhuaiseanna agus ar dheimhnithe náisiúnta agus idirnáisiúnta na hearnála> atá faighte ag Century leis sin a chur ina luí ort go tapa.

A bhuíochas dá chuid <fostaithe> a bhfuil a stádas bainte amach ag an gcomhlacht. Is léir go gcaitheann siad dua le gach tionscadal ina bhfuil siad páirteach, ar shlí nach ndéanfadh aon chomhlacht eile. Is fíor an méid seo, más bungaló i dTrá Lí, mainéar in Sussex nó óstán ilstórach i lár Thóiceo atá i gceist.

Ar an suíomh seo beidh teacht agat ar gach eolas a theastaíonn uait i dtaca le teicneolaíocht fráma adhmaid. Feicfidh tú freisin raon <tairiscintí de dhearaí tógála idirghníomhacha>, comhairle maidir leis na próisis éagsúla phleanála agus thógála, chomh maith le <himlíne na dtionscadal ar fud an domhain> atá curtha i gcrích ag Century i gcomhar le heagraíochtaí éagsúla rialtais agus timpeallachta ag an leibhéal idirnáisiúnta.

Is infheistíocht mhór í duit féin, do do chlann, nó mar chuid de thionscadal níos mó, teach a thógáil. Má thógtar go cúramach é, ag úsáid <sárábhair agus sármhodhanna an domhain>, solathróidh sé compord agus sábháilteacht inrochtana agus ar phraghas réasúnta a mhairfidh ar feadh na nglúnta. Má úsáideann tú fráma Century chun teach a thógáil, duit féin nó do dhaoine eile, is féidir bheith cinnte go mbeidh foirgneamh agat a bhfuil caighdeán idirnáisiúnta ag baint leis. Tugaimid an gealltanas seo le teann macántachta. Is cuma cén áit nó cén toirt atá i do thionscadal (ó fhoirgneamh amháin go forbraíocht ar an mórchóir). Is féidir le Century geallúint go gcuirfear an tionscadal i gcrích faoin spriocdháta, go ndéanfar é don mhéid airgid atá le caitheamh agat agus go mbeidh ardchaighdeán ag baint leis nuair a chríochnófar é.

 

DUAISEANNA AGUS DEIMHNITHE NÁISIÚNTA AGUS IDIRNÁISIÚNTA

Mar ábhar cliaint chomhlachta seirbhísí nó táirgthe, cén spéis a bheadh agat "sna boinn feabhais" a bronnadh ar an gcomhlacht seo?

Léiríonn siad go simplí go bhfuil lánaitheantas ag an gcomhlacht a bhfuil sé i gceist agat bheith ag obair leo ó na húdaráis inniúla ina n-earnáil. Is chun do leasa a luadh mórchuid na nduaiseanna agus na ndeimhnithe a bronnadh ar Century: níl siad ann díreach lenár bpáipéar ceannteidil a mhaisiú.

Speisialtóirí san earnáil tógála fráma adhmaid a bhunaigh Century. Bhí na <comhpháirtithe> seo suite de ón tús nach ndéanfadh aon chaighdeán cúis seachas caighdeán na foirfeachta. Is mar gheall air sin gur shroich agus gur sháraigh an comhlacht na leibhéil is airde seirbhíse agus nóis imeachta. Seo an modh oibriúcháin a roghnaigh Century. Léiríonn an liosta duaiseanna a thugtar anseo an meas atá againn ar ár gcliaint, ós rud é gur iarradh gach ceann de na duaiseanna seo ar mhaithe libhse.

Sna hearnálacha uile, is iad Century an t-aon chomhlacht in Éirinn a bhfuil sé de phribhléid acu gach ceann de na duaiseanna agus de na deimhnithe seo a leanas a bheith acu. Is féidir le cuairteoirí Éireannacha bheith bródúil as go bhfuil comhlacht Éireannach aitheanta ar fud an domhain mar chinnire earnáil na teicneolaíochta fráma adhmaid. Is féidir leat, mar sin de, leanacht ort de bheith ag léamh agus lánmhuinín agat asainn.

ISO9001
Aithnítear deimhniú ISO ar fud an domhain. Baineann riachtanais an-diana lena bhaint amach. Déantar sealbhóirí an deimhnithe seo a iniúchadh dhá uair sa bhliain chun cinntiú go gcloíonn siad i gcónaí leis na caighdeáin a d'fhág gur bhuaigh siad an duais seo sa chéad dul síos.

Bronntar deimhniú ISO9001 ar chórais d'ardchaighdeán a bhunaítear i réimsí bhainistíocht, tháirgíocht agus dháileadh na dtáirgí agus na seirbhísí. Is mian le Century dul níos faide arís agus bíonn sé de chuspóir againn i gcónaí dul thar na riachtanais a éilíonn iniúchtaí ISO a shárú. Seo ráite, bíonn spriocanna i gceist leo a gcaithfidh na comhlachtaí eile atá gníomhach san earnáil fráma adhmaid bheith in ann acu. Is cinnte go dtéann seo chun sochair gach duine a úsáideann frámaí adhmaid ar fud an domhain mar go bhfuil feabhas ag teacht ar chaighdeáin na hearnála i rith an ama. Os a choinne sin, fágann sin gur gá an cheist a chur i ndeireadh báire - cén fáth a rachfá chuig aon duine seachas chuig na daoine is fearr?

ISO14001
Cúitíonn an creidiúnaí seo, a mholtar go hard, feabhas sna córais bhainistíochta timpeallachta ag leibhéal idirnáisiúnta. Tá baint phearsanta ag Gerry McCaughey, CEO Century, le bainistíocht cheisteanna a bhaineann leis an timpeallacht san earnáil fráma adhmaid:

“Le linn ár gcuid oibriúchán, cuirimid an-tábhacht le gach eilimint agus scrúdaímid an tslí a dtéann gach ceann acu i bhfeidhm ar an timpeallacht. Is próiseas é seo a mbímid de shíor á fhorbairt. Scrúdaímid go cúramach foinse ár n-adhmaid ag leibhéal domhanda, agus má mhothaímid nach bhfuil meas ag duine dár gcuid soláthróirí ar an timpeallacht ina réimse gníomhaíochta, diúltaímid bheith ag obair leis.”

“Bímid chomh dian céanna maidir lenár monarchana uile ar fud na hÉireann agus an Ríochta Aontaithe. Déanaimid breis is 71% dár gcuid dramhaíola tionsclaíche a athchúrsáil agus táimid bródúil as sin.”

“Déantar an táirge críochnaithe a rialú freisin. Tá díonadh na bhfoirgneamh Century Homes i bhfad níos airde ná mar a bhíonn i bhfoirgnimh a thógtar le bloic bhríosa nó le brící. Tá na <hastúcháin CO2> a dhéantar le linn ár gcuid tionscadal faoi bhun go maith na riachtanas a leagadh síos i gcomhaontú Kyoto. Laghdaigh na daoine a chónaíonn sna foirgnimh a thóg muid costais téite; is lú dochar a dhéanann siad dá dtimpeallacht, mar sin de.”

Faoi mar a tharlaíonn le ISO9001, déantar sealbhóirí an chreidiúnaithe ISO14001 a iniúchadh go cúramach ag ceann de na príomhúdaráis idirnáisiúnta. Tarraingítear siar an deimhniú má dhéantar é a shárú ar aon bhealach. Ach tá a fhios againne, lucht Century, conas é a choimeád.

Q MARK
Deimhniú náisiúnta Éireannach é seo, atá cosúil leis an deimhniú idirnáisiúnta ISO9001, agus a scrúdaíonn údarás neamhspleách. Déantar na hiniúchtaí bliantúla trí shuirbhéanna leantacha cliant, trí staidéir mhargaidh agus trí dhiantástáil na dtáirgí críochnaithe.

Excellence Through People
Is é leibhéal na hoiliúna príomhghné na duaise seo. Creideann Century go gcaithfimid bheith proifisiúnta ag gach leibhéal. Ní mór do gach ball den phearsanra a chuid oibre a thuiscint go hiomlán agus ní mór dó léargas a bheith aige den earnáil san iomlán.

Is féidir linn bheith cinnte, mar sin de, gur ríléir do gach fostaí cad atá i gceist leis an bpróiseas tógála, ag cur san áireamh an tslí a dtéann an earnáil ina bhfuil siad ag obair i bhfeidhm ar an timpeallacht agus riachtanais na gconraitheoirí-tógálaithe chomh maith le riachtanais na gcliant aonair. Bíonn i gceist leis an oiliúint seo freisin na riachtanais theicneolaíocha a fhágann go gcaithfidh ár bhfostaithe próisis agus ábhair a úsáid atá níos fearr ná na cinn a úsáideann a gcuid iomaitheoirí uile, agus cuirtear béim ar sholáthar gasta na n-ábhar.

Ní mór don phearsanra bheith ar an eolas faoi na fadhbanna éagsúla a gcaithfidh na tógálaithe aghaidh a thabhairt orthu, agus caithfidh siad bheith in ann a gcuid oibre a stiúradh sa tslí go réiteofar na deacrachtaí seo, sula dtarlaíonn siad, más féidir. Baineann sé seo oiread céanna leis na fostaithe sa mhonarcha is a bhaineann leis na comhairleoirí ar an láthair nó le lucht bainistíochta. Agus níos fearr arís, bíonn toradh ar an modh oibre seo!

DUAISEANNA EILE

Rinne Century a ndícheall na duaiseanna agus na deimhnithe uile thuasluaite a fháil ar mhaithe lena gcuid cliant. Níl ach aon chuspóir amháin acu: go dtuigfeá go bhfuil tú ag obair le fíorchinnire domhanda nuair a bhíonn tú ag obair le Century. Bronnadh na duaiseanna seo a leanas ar Century ag údaráis éagsúla san earnáil gan iad a lorg; aithníonn siad na leibhéil chaighdeáin atá bainte amach ag ár gcomhlacht.

“Feabhas Tógála na Bliana” (Éire): an chéad áit dhá uair, an dara háit uair amháin.

“Tionscadal Our House” (clár teilifíse de chuid RTÉ in Éirinn) : dhá uair.

Bronnadh an duais “Bainisteoir Óg na Bliana” ar bhainisteoir óg is fearr na bliana, Gerry McCaughey).

Bronnadh an duais “Fiontraí Éireannach na Bliana” ar fhiontraí Éireannach na bliana: iomaitheoir babhta ceannais: (Gerry McCaughey, faoi dhó).

Bronnadh an duais “Fiontraí Tionsclaíoch na Bliana” ar Phríomhfheidhmeannach Century, Gerry Mc Caughey.

Liosta fada atá ann, agus is cinnte go gcuirfear leis le himeacht ama.

 

 
 

Quick Links: | Why Timber Frame | Why Century | Projects | Engineering | Testimonials | House Plans | Photos | Jobs | Shopping | Contacts |


May 12, 2008